Samhain - PowerPoint PPT Presentation

About This Presentation
Title:

Samhain

Description:

Ar an gc ad l de mh na Samhna ceili rann Anglac naigh agus Caitlicigh L na Naomh, an l tar is O che Shamhna. Is f ile eaglasta , l ar a dt imid ar ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:115
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 12
Provided by: ACT1155
Category:
Tags: samhain | sona

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Samhain


1
Samhain
Tugaimid chun cuimhne.
2
Lá na Naomh
  • Ar an gcéad lá de mhí na Samhna ceiliúrann
    Anglacánaigh agus Caitlicigh Lá na Naomh, an lá
    tar éis Oíche Shamhna.
  • Is féile eaglasta í, lá ar a dtéimid ar
    Aifreann.

3
Lá na Naomh
  • I bhféilire na hEaglaise bíonn lá speisialta
  • ag naoimh ar leith (m. sh. Lá Fhéile Pádraig
  • ar an 17ú Márta) ach ar Lá na Naomh,
    tugann an
  • Eaglais onóir do na naoimh go léir,
    aithnid nó anaithnid.
  • Cé go bhfuil mórchuid eolais againn idtaobh
    an-chuid de na naoimh go dtugaimid onóir dóibh ar
    laethanta áirithe, tá an-chuid naomh anaithnid
    go ndéantar dearmad orthu agus nach dtugtar
    onóir speisialta dóibh.
  • Ar Lá na Naomh déanaimid ceiliúradh ar na naoimh
    sin agus iarraimid orthu guí ar ár son.

4
Stair Lá na Naomh
  • Traidisiún ón 4ú aois AD is ea na naoimh agus na
    máirtírigh a thabhairt chun cuimhne agus a lá
    fhéile a cheiliúradh gach bliain.
  • Sa bhliain 837 AD shocraigh an Pápa Gregory IV go
    ndéanfaí féile gach naomh a cheiliúradh ar an 1ú
    Samhain.

5
Comaoin na Naomh
  • Tá baint ag Lá na Naomh le Comaoin na Naomh.
    Creideann an Eaglais go bhfuil pobal uile Dé ar
    neamh, ar talamh agus i bPurgadóir nascaithe le
    chéile i gcomaoin.
  • Creidimid go bhfuil na naoimh ar neamh chomh beo
    linn-ne anseo ar talamh agus go mbíonn siad ag
    guí de shíor ar ár son.

6
Lá na Marbh
  • Tagann Lá na Marbh, 2ú Samhain díreach i ndiaidh
    Lá na Naomh. Is lá speisialta é chun na daoine a
    fuair bás agus nach bhfuil fós ar neamh a
    thabhairt chun cuimhne.
  • Faigheann roinnt daoine bás agus gan iad fós
    ullamh chun bualadh le Dia. Glaoimid Purgadóir ar
    an áit ina bhfuil na hanamacha sin. Áit nó stáid
    ullmhúcháin roimh theacht i láthair Dé is ea
    Purgadóir.
  • Bíonn na naoimh ar neamh ag guí ar ár son anseo
    ar talamh. Ar an gcuma céanna cabhraíonn na
    paidreacha agus na hAifrinn a ofráilimid ar a son
    leis na hanamacha i bPurgadóir.

7
Stair Lá na Marbh
  • Is traidisiún ársa é sa Chríostaíocht guí ar son
    na marbh. Sa bhliain 998 AD shocraigh Odilo, Ab
    mhainistir Cluny sa bhFrainc lá speisialta chun
    na hanamacha i bPurgadóir a thabhairt chun
    cuimhne. Thosaigh an nós sna mainistreacha
    timpeall ar Cluny agus leathnaigh sé de réir a
    chéile ar fud na hEaglaise Chaitlicigh ag
    deireadh na 10ú aoise.

8
Traidisiúin a bhaineann le Lá na
Marbh
  • Tá éagsúlacht nósanna ó chultúr go cultúr ag
    baint le Lá na Marbh. I Mexico déantar an lá a
    cheiliúradh mar el dia de los muertos, nó lá na
    marbh.
  • Sna na hOileáin Fhilipíneacha déantar guí ar
    feadh naoi lá (novena) ar son na n-anamacha naofa
    (holy souls).Déanann siad na huaigheanna a
    mhaisiú agus téann siad ó theach go teach an
    trathnóna roimh ré (1ú Samhain) ag lorg
    bronntanais agus ag canadh véarsaí traidisiúnta.
  • San Ungáir tugtar Halottak Napja, lá na marbh,"
    ar an lá agus is nós leo cuireadh a thabhairt do
    dhílleachtaí chun an teaghlaigh agus bia, éadaí
    agus breagáin a thabhairt dóibh.
  • Léiríonn na nósanna sin éagsúlacht sna
    traidisiúin a bhaineann leis an lá seo.

9
Traidisiúin na Samhna
  • I rith mí na Samhna tugaimid cuairt ar uaigheanna
    na ndaoine atá marbh agus guímid ar a son.
  • Is féidir linn coinneal a lasadh i séipéal ar son
    na ndaoine is ansa linn.
  • Is féidir linn na laethanta sona a bhí againn leo
    a thabhairt chun cuimhne agus buíochas a ghabháil
    le Dia as ucht na ndaoine sin.
  • Is féidir linn an tAifreann a ofráil ar a son.
  • Ar scoil is féidir cártaí cuimhneacháin ar ár
    ngaolta a fuair bás a chrochadh ar Chrann
    Cuimhneacháin agus guí ar a son le linn tionóil
    agus sa rang Reiligiúin.

10
Guí ar son na Marbh
  • Suaimhneas síoraí tabhair dóibh, a Dhia. Go
    soilsí solas síoraí orthu agus suaimhneas agus
    síocháin síoraí go raibh acu. Amen

11
Le déanamh ar Lá na Naomh
  • For a Wordsearch on All Saints Day check out
  • http//www.christiancoloring.com/cmpdf/saintsws.p
    df
  • For the solution to the Wordsearch check out
    http//www.christiancoloring.com/cmpdf/saintssolut
    ion.pdf
  • For a Crossword testing your skills on Saints
    check out http//www.christiancoloring.com/cmpdf/
    saintscw.pdf
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com